Is maith liom a fheiceáil go bhfuil grúpaí feachtais ar nós an suímh Stabilitytreaty.ie, suíomh Gréasáin a sheol an Taoiseach le deirneas, sásta airgead poiblí a chur ar leataobh agus fiseán spreagúil maidir leis an gConradh Cobhsaíochta a phoibliú.
Léirítear na gnéithe is tábhachtaí den Chonradh sa bhfiseán cé go dtabharfaidh an géarshúileach faoi ndeara nach bpléitear gach ábhar suntasach dá bhfuil sa Chonradh.
Gan bheith ag leagan mórán béime ar chúrsaí Ghaeilge... ach... bheadh sé ina bhuntáiste dá ndeanfaidís an lucht thall i Merrion Street iarracht macánta chun an leagan Gaeilge dá shuíomh a choinneáil suas chun dáta... Beidh le feiceáil!
Breathnaigh ar an bhfiseán ar dheis!
Foinse: Youtube
No comments:
Post a Comment