Tá sé i gceist ag beirt fhear ó Átha Cliath 126km a rith chun feasacht maidir leis na Cluichí Oilimpeacha Speisialta a spreagadh. Tá go maith a deir tú ach samhlaigh go raibh tú le dul 126hm a rith in aon iarracht amháin agus ní dócha go mbeifeá chomh réchúiseach faoi! Beirt fhear atá aclaí go leor ach, mar a deir siad féin, ní ar mhaithe lena sláinte atá siad á dhéanamh seo. Is maith an rud é carthanacht a spreagadh agus a chothú srl srl ach chun an fírinne a insint táim in éad leo.
Táim ag déanamh iarrachta meachán a chailleadh
ar feadh cúpla bliana ar feadh mo shaoil. Dá bhféadfainn rud amháin a dhéanamh ba bhreá maratón a rith. Tá neart anseo sa Bhruiséil a ritheann an Brussels 20k, dlúthcairde liom ach go háirithe. Is cinnte go mbeidh mé ann ag an gcríochlíne chun misneach a thabhairt dóibh ach an mbaileoidh mé an oiread sin misneacha riamh agus marathón a rith?
Idir an dhá linn, beidh mé ag coinneáil súil ar an scéal seo - guím gach rath orthu!
No comments:
Post a Comment