Dé hAoine 30 Deireadh Fómhair 2009

Daily Mail - alt fiúntach - cé a cheapfadh é!

Leaid a bhfuil uathachas air ag déanamh íomha de radharc Nua Eabhrach tar éis dó fiche nóimeád a chaitheamh sa spéir i héileacaptar! Wow!

Tógadh ó www.dailymail.co.uk/news/article-1223790/Autistic-artist-draws-18ft-picture-New-York-skyline-memory.html/

Dé Céadaoin 28 Deireadh Fómhair 2009

Cellotape... dá bhfaca a leithid riamh?

Tá ealaíontóir i ndiaidh roinnt de na radharcanna is fearr leis a athchruthú le cellotape. Nach iontach an intleacht atá aige?


Tógadh an ghrianghraf seo thíos ó http://i.telegraph.co.uk/telegraph/multimedia/archive/01511/pick-up-kiss_1511045i.jpg


Dé Máirt 27 Deireadh Fómhair 2009

Tradisiún... bí leis nó bí...




http://www.idrewthis.org/comics/idt20040308distinction.gif

Na hainmithe beaga...


/www.baekdal.com/design/art/little-aliens//

Pics deasa anseo... mar shampla an ceann thuascheangailte...


Visage, anyone?

a tháinig as seo: http://le-petit-ange.webobo.com/part/1/3/9/8/part_139839.jpg

Nach bhfuil ainm sráide ort?

:=)


An Ghaeilge: facal-less

Breathnaigh ar fhísteip nua de chuid Microsoft nár chead siad a mhargú. Níl fhios ach measaim go bhfuil mar chuid de na fograíochtaí is fearr!


http://www.stumbleupon.com/s/#33hwo6/microsoft.blognewschannel.com/index.php/archives/2005/11/22/banned-xbox-360-ad-best-ad-ever//

Stephen Gately


Níor thuig mé faoi deara an dochar a rinnead dó i meáin na Gaeilge, blaganna go háirithe.


agus


Cén nach mbaineann sé go díreach leis, alt suimiúil a bhí ann fosta:


Dé Luain 26 Deireadh Fómhair 2009

Grá - coinnigh ort!


Beidh sé agat gan mhoill...


Tennis!

Stop the lights: Má tá sibh ag obair in earnáil na statseirbhíse bíodh an cluiche sin agaibhse!

www-1.ibm.com/linux/wimbledon/tennis.swf/

Gruaigairí



Tá faitíos agam rompu ó bhí mé óg nuair a gearradh le scion ghéar an gruagaire mé! Fola i ngach áit, ar mo chuid éadaí, ar an urlár...

'It's fine. Only a nick!'.

Arse! Ó shin i leith, ní go minic a leagaim cos ar thalamh na ngruagairí! Nuair a thosaíonn comhrá eadrainn, ní thugaim freagraí ar na ceisteanna seachas "yes" or "oui", ag brath ar na háite ina bhfuilim. Ag vreathadh a bhímse don chuid is mó den am agus mé ag súil le héalú ón scion!


Cluiche

Cluiche a d'aimsigh mé trí stumbleupon.com. Ní bheadh an cineál rud sin thiar i gCarna! haha

Dé Céadaoin 21 Deireadh Fómhair 2009

Dé Máirt 20 Deireadh Fómhair 2009

Madraí

Níl fhios céard 'tá ag tarlú - táim ag athrú. Bhí gráin agam orthu don chuid is mó de mo shaol ach anois - táim i ngrá leo!

funny animated gif

An cinéal rud a chuireadh ag gáire mé...

Dé Luain 19 Deireadh Fómhair 2009

Dé Luain 12 Deireadh Fómhair 2009

Oublier les files


Is beag nár mharaigh mé duine den dream a oibríonn sa phictiúrlann trathnóna inne! Chláraigh le cárta bliana UGC, pictiúrlann mhórcháiliúil anseo sa Bheilg. Leis an gcárta is féidir le ball suíochán don scannán is fearr leis a chur in áireamh ar líne agus an ticéad a phiocadh suas sa teirminéal. Díreach an rud a rinne mé. Ach, le seanfhocal a úsáid ar nós lucht an Ardteiste, níl mar a shíltear a bítear.

Chuaigh mé ann in am, leathuair a chloig roimh thús an scannáin. D'fhan mé sa scúine ar feadh 20 nóim le fáil amach ag an deireadh nach féidir ticéad a "retirer" ón Diabhal machine 10 nóim roimhe. Bheadh sé friggin' agam dá mba rud é nach raibh scuaine ann!!!!!!! Faoi dheireadh, mhissáil mé an scannán!

Oublier les files? Mo thóin.

Dé Céadaoin 7 Deireadh Fómhair 2009

"1 Cheese burger, no cheese..."

Feirmeoirí Eorpacha ag cailleadh an bhlaic!


An tseachtain seo sa Bhruiséil, tháinig cúpla céadta de fheirmeoirí chugainn lena dtuairimí maidir le laghdú dá gcuótaí bhainne a léiriú. Bhí tráth ann nuair nár feiceadh rud ar bith trí dheatach a dtaracóirí, níor tugadh mórán airde ar Mháthar Nadúir an uair seo.

Má chuardaíonn tú ar Google, taispeántar grianghraif maidir leis agus tá roinnt acu stairiúil anois, is dóigh. Go háirithe an ceann seo (http://www.tmz.com/2009/10/07/farmer-causes-udder-chaos-in-brussels/) a thóg Getty Images do TMZ.

Whatever. Tugaim cuairt rialta ar TMZ ACH NÍ HÉ SIN AN POINTE! :p

Suíomhanna eile ar fiú cuairt a thabhairt:

http://news.bbc.co.uk/2/hi/business/8289976.stm

http://news.yahoo.com/nphotos/dairy-farmers/photo//091005/481/4fcf470b8e3c4568aa90d71faa37ac36//s:/ap/20091005/ap_on_re_eu/eu_eu_milk_prices#photoViewer=/091005/481/9e3417bb2a01428095e89cf52fc98544

Agus http://www.telegraph.co.uk/news/worldnews/europe/eu/6263740/Farmers-protest-fall-in-milk-prices-by-spraying-Brussels-police-from-cows-udder.html (as a dtagann an ghrianghraf thuas).

Being Barney


Tá an t-am tagtha. Sheachain mé na cuirí ar feadh 22 bl ach anois níl aon beartaí moilleadóireachta idir lámh agam - táim le dul ag fancy dress party! Tuige mise? Céard é an gníomh uafásach úd a rinne mé? Caithim le cóisirí den chineál sin mar leithscéal do chailíní (agus buachaillí!) feistigh suas mar striapacha agus cá bhfios céard eile! Gabhaim mo leithscéalta mar is ceart do dhuine sóisialta ar bith – "Táim busy an oíche sin", "Damn, caithim dul abhaile an deireadh seachtaine sin. Dá mbeadh fhios agam níos luaithe...". Déanta na fírinne, dá mbeadh fhios acu an fhírinne, phléascfaidís amach ag gáire fúm. Táim ramhar. Sin é ó thús go barr.

An bhfuil fhios an náire atá orm mar dhuine ramhar? An leaid nach féidir leis gan 2kl d'allas a chailleadh le linn do staighre a thógáil? An leaid a bhfuil eagla ar aclaíocht a dhéanamh mar ní theastaíonn uaidh go gcaithfeadh an lucht féachana súil níos géire ná mar atá ar mo chorp ag creathán agus mé ag rith? An gceapann tú go fíreannach go bhféadfadh leaid de mo mhéidse culaith a aimsiú do chóisír gan bheith feistithe suas mar Bharney no an Diabhal Dumbo sin? Agus nuair is cóisír na 90óidí atá ann - ffs!

Feicim na cailíní ag dul thart lena tútú-anna bándearga ("Oh, nach bhfuil mé go hálainn?" a deir siad ag pramsáil thart lena slataí draíochta- Ya. Más striapach saor a bhí ar intinn agat, yes!) ag titeadh i ngach áit de bharr éadochais agus an deoch sin a d'imigh thar an líne. Is cuma. Tá na cosa fada agus an dath gréine bréige ar thaispeáint acu, imirt gnéasúil do na leaids díreacha eile, cúis aisig domsa. Cén dochar.

Feicim na leaids eile ag dul thart feistithe suas mar Superman, mainicín de chuid D&G no imreoirí peile, láib cuimilte sa chraiceann, allas i ngach áit, ag titeadh ar fud an tseomra. Is cuma. Tá na cosa mhóra agus an ghruaig thiubh sin ar theaspeáint acu, imirt gnéasúil do na cailíní fágtha ina seasamh, mise san áireamh. (Intinn, ná déan dearmad ar an íomha seo, ná déan dearmad uirthi!!).

Ansin. Mise. Fuckin' Barney. Mise ag pramsáil thart le mo bheoir. Beor a chiallaíonn beer, ná duine de na striapacha. Quel chance! Mise ag teaspáint cuar mo choirp leis an bhfeisteas a d'fheilfeadh mar láimhín dom. Cúis éadochais eile dom. Cúis eile na cóisirí sin a sheachaint.

Feicfimid má mhairim.