Dé hAoine 20 Aibreán 2012
An Conradh Cobhsaíochta
Is maith liom a fheiceáil go bhfuil grúpaí feachtais ar nós an suímh Stabilitytreaty.ie, suíomh Gréasáin a sheol an Taoiseach le deirneas, sásta airgead poiblí a chur ar leataobh agus fiseán spreagúil maidir leis an gConradh Cobhsaíochta a phoibliú.
Léirítear na gnéithe is tábhachtaí den Chonradh sa bhfiseán cé go dtabharfaidh an géarshúileach faoi ndeara nach bpléitear gach ábhar suntasach dá bhfuil sa Chonradh.
Gan bheith ag leagan mórán béime ar chúrsaí Ghaeilge... ach... bheadh sé ina bhuntáiste dá ndeanfaidís an lucht thall i Merrion Street iarracht macánta chun an leagan Gaeilge dá shuíomh a choinneáil suas chun dáta... Beidh le feiceáil!
Breathnaigh ar an bhfiseán ar dheis!
Foinse: Youtube
Labels:
ae,
an conradh cobhsaíochta,
aontas eorpach,
eu,
Stabilitytreaty.ie,
taoiseach
Dé Máirt 17 Aibreán 2012
An bhfuil tú ceart go leor?
Chuir chara liom lamh ina bhás féin an deireadh seachtaine seo caite. Má cheapann tú go mb'fhéidir go bhfuil fadhb ag duine nach féidir leis/leí a réiteach agus atá ag cur an iliomad brú air/uirthi, ná bí leisc suí síos leo agus a rá leo:
- Táim anseo más maith leat labhairt liom faoi ábhar ar bith a d'fhéadfadh a bheith ag cur isteach ort.
Dé Céadaoin 4 Aibreán 2012
Táim ag déanamh iarrachta meachán a chailleadh
Idir an dhá linn, beidh mé ag coinneáil súil ar an scéal seo - guím gach rath orthu!
Dé Máirt 3 Aibreán 2012
Beoir-intinneach
Is breá liom ócáidí ina bhfuil cáis agus beoir ar fáil go flúirseach iontu. Mar sin, chuir mé tús leis an samhradh b'fhéidir
seachtain ó shin i bPlace Flagey nuair a shlog mé siar an chéad ghloine beorach
in éindí le bheirt bhan álainn ón tSlóivéin.
Is breá liom an
bheoir (tut tut!) ach tá sí deich n-uaire níos blasta le cáis agus 'piobar na Bruiséile'
mar a thugann cara liom air - nó salann soilire.
Is trí sheans a léigh mé blag dar teideal Add an Egg ina dtugtar treoracha
d'oideas traidisiúnta na Beilge: le
Pottekeis.
Le what, a deir tú? Níor chuala mé trácht riamh air ach an oiread
ach, de réir dealraimh, itear go minic anseo é.
Ar a laghadh, beidh mé ag súil le tabhairt faoin meascán de bheoir is cháis seo a thriail théis mo scrúdaithe ag deireadh na míosa seo chugainn...
Ar a laghadh, beidh mé ag súil le tabhairt faoin meascán de bheoir is cháis seo a thriail théis mo scrúdaithe ag deireadh na míosa seo chugainn...
Subscribe to:
Posts (Atom)
