Dé Máirt 3 Aibreán 2012

Beoir-intinneach

Tá an t-am sin den bhliain tagtha inar féidir le muintir na Beilge súp a bhaint as an lá arís - tá an an samhradh buailte linn agus tá ghrian ag taithneamh (mórán mór...).

Is breá liom ócáidí ina bhfuil cáis agus beoir ar fáil go flúirseach iontu. Mar sin, chuir mé tús leis an samhradh b'fhéidir seachtain ó shin i bPlace Flagey nuair a shlog mé siar an chéad ghloine beorach in éindí le bheirt bhan álainn ón tSlóivéin.

Is breá liom an bheoir (tut tut!) ach tá sí deich n-uaire níos blasta le cáis agus 'piobar na Bruiséile' mar a thugann cara liom air - nó salann soilire.

Is trí sheans a léigh mé blag dar teideal Add an Egg ina dtugtar treoracha d'oideas traidisiúnta na Beilge: le Pottekeis.

Le what, a deir tú? Níor chuala mé trácht riamh air ach an oiread ach, de réir dealraimh, itear go minic anseo é.


Ar a laghadh, beidh mé ag súil le tabhairt faoin meascán de bheoir is cháis seo a thriail théis mo scrúdaithe ag deireadh na míosa seo chugainn...

No comments: