
Tá an t-am tagtha. Sheachain mé na cuirí ar feadh 22 bl ach anois níl aon beartaí moilleadóireachta idir lámh agam - táim le dul ag fancy dress party! Tuige mise? Céard é an gníomh uafásach úd a rinne mé? Caithim le cóisirí den chineál sin mar leithscéal do chailíní (agus buachaillí!) feistigh suas mar striapacha agus cá bhfios céard eile! Gabhaim mo leithscéalta mar is ceart do dhuine sóisialta ar bith – "Táim busy an oíche sin", "Damn, caithim dul abhaile an deireadh seachtaine sin. Dá mbeadh fhios agam níos luaithe...". Déanta na fírinne, dá mbeadh fhios acu an fhírinne, phléascfaidís amach ag gáire fúm. Táim ramhar. Sin é ó thús go barr.
An bhfuil fhios an náire atá orm mar dhuine ramhar? An leaid nach féidir leis gan 2kl d'allas a chailleadh le linn do staighre a thógáil? An leaid a bhfuil eagla ar aclaíocht a dhéanamh mar ní theastaíonn uaidh go gcaithfeadh an lucht féachana súil níos géire ná mar atá ar mo chorp ag creathán agus mé ag rith? An gceapann tú go fíreannach go bhféadfadh leaid de mo mhéidse culaith a aimsiú do chóisír gan bheith feistithe suas mar Bharney no an Diabhal Dumbo sin? Agus nuair is cóisír na 90óidí atá ann - ffs!
Feicim na cailíní ag dul thart lena tútú-anna bándearga ("Oh, nach bhfuil mé go hálainn?" a deir siad ag pramsáil thart lena slataí draíochta- Ya. Más striapach saor a bhí ar intinn agat, yes!) ag titeadh i ngach áit de bharr éadochais agus an deoch sin a d'imigh thar an líne. Is cuma. Tá na cosa fada agus an dath gréine bréige ar thaispeáint acu, imirt gnéasúil do na leaids díreacha eile, cúis aisig domsa. Cén dochar.
Feicim na leaids eile ag dul thart feistithe suas mar Superman, mainicín de chuid D&G no imreoirí peile, láib cuimilte sa chraiceann, allas i ngach áit, ag titeadh ar fud an tseomra. Is cuma. Tá na cosa mhóra agus an ghruaig thiubh sin ar theaspeáint acu, imirt gnéasúil do na cailíní fágtha ina seasamh, mise san áireamh. (Intinn, ná déan dearmad ar an íomha seo, ná déan dearmad uirthi!!).
Ansin. Mise. Fuckin' Barney. Mise ag pramsáil thart le mo bheoir. Beor a chiallaíonn beer, ná duine de na striapacha. Quel chance! Mise ag teaspáint cuar mo choirp leis an bhfeisteas a d'fheilfeadh mar láimhín dom. Cúis éadochais eile dom. Cúis eile na cóisirí sin a sheachaint.
Feicfimid má mhairim.
No comments:
Post a Comment