Dé Luain 12 Deireadh Fómhair 2009

Oublier les files


Is beag nár mharaigh mé duine den dream a oibríonn sa phictiúrlann trathnóna inne! Chláraigh le cárta bliana UGC, pictiúrlann mhórcháiliúil anseo sa Bheilg. Leis an gcárta is féidir le ball suíochán don scannán is fearr leis a chur in áireamh ar líne agus an ticéad a phiocadh suas sa teirminéal. Díreach an rud a rinne mé. Ach, le seanfhocal a úsáid ar nós lucht an Ardteiste, níl mar a shíltear a bítear.

Chuaigh mé ann in am, leathuair a chloig roimh thús an scannáin. D'fhan mé sa scúine ar feadh 20 nóim le fáil amach ag an deireadh nach féidir ticéad a "retirer" ón Diabhal machine 10 nóim roimhe. Bheadh sé friggin' agam dá mba rud é nach raibh scuaine ann!!!!!!! Faoi dheireadh, mhissáil mé an scannán!

Oublier les files? Mo thóin.

No comments: