Go bhfios fom, tá níos mó ábhair fhiuntacha sa saol ná argóint síoraí idir chairde.
Ó thosaigh mé ag obair liom anseo sa Bhruiséil ba léir dom go gcaillfinn cuid de mo shaol, ó chairde go namhaid - nach trua nár chaill mé meachain le linn dom bheith anseo! :) Tá cairde liom ann le nach ndéanann teagmháil toisc go bhfuilim ag cur fúm i gcathair bhreá nua - tá daoine nua anseo le cúlra iltheangacha nua. Tá an baol ann nach ndéanfaidh mé a chomhthathú leis an gcomhphobal anseo (an comhphobal 'Eorpach' mar atá sé ag líonrú anseo, lán le daoine ar a bhfuil craicne difriúla orthu srl...) agus mé ag déanamh teagmháil leis an 'seandream' sa mbaile bheag. Níl sé an saol atá uaim.
Bíonn taismigh ann i gconaí. Ta cara liom sa mbaile agus tá deacrachtaí agam leis. Mura bhfuil sé ag déanamh iontais ar an gcairdeas atá againn i gcónaí tá sé ag éalú ónár rendez-vous a phleanáil muid. Ach, táim breá sásta leis an gcairdeamh. Tuigim nach bhfuilim chomh mór lenár gcéile anois toisc go bhfuil i dtíortha eile blah blah blah. Mheas mé gur cineál cairde muid a d'fhéadfadh bliain nó dhó a chaitheamh ar leithligh. Dá gcasfainn air blianta amach anseo, ní bheadh drogall ar bith orm labhairt leis mar a labhróinn de ghnáth. Nach fiú glacadh leis an cineál éabhlóid. D'fhéadfá caitheamh leis an gcéim nua sa chairdeas mar teacht chun cinn, mar bheirt atá ag maireachtáil caidrimh óna céile.
Fúmsa atá sé le dul ag labhairt leis. Amárach, b'fhéidir. Ach tá an ghrian ag taithneamh agus beor le hól... :)
No comments:
Post a Comment