Dé Céadaoin 2 Meitheamh 2010

Agus muid ag cur fáilte roimh an samhradh....

... go gcuirfimid fáilte roimh thús nua mo bhlagadóireachta Gaeilge.

Ní raibh an t-am agam le tabhairt faoi bhlaganna nua a scríobh le cúpla mí anuas toisc go raibh mé ag aisteoireacht le grúpa amatéireach anseo sa Bhruiséil. Is dóigh go mbeidh alt nó dhó ar an nóta sin amach seo.

Tá sé i gceist agam blaganna a iontráil anseo ar bhonn rialta (má éiríonn liom lena scríobh!) agus mo thuairimí a chur in iúl daoibh.

Bíodh tráthnóna deas agaibhse... agus go dtí an chéad bhlag eile, a chairde!

No comments: