Dé Sathairn 2 Lúnasa 2008

None moreso than me, dear.

Aon uair a théim amach le déanaí bíonn daoine á rá liom abairt aisteach, cé nach dtuigim i gcónaí a gcúis. Cheapfá nach bhfeicfidís arís go deo mé ach seo arís é, tá sé ráite ag duine éigin eile:

"I'm so glad that you came out tonight".

Ní dheirtear sa gcaoi agus cheapfá gur rud deas atá ann ach a mhalairt ar fad atá i gceist. Ag cuimilt mo láimhe nó mo ghlúine, suíonn siad síos mé. Ligeann siad orthu scaití gur 'cairde go deo' muid. Ní dhearfaidh mé a mhalairt ach ní aontóidh mé leo ach an oiread. You see, tharla sé oíche aréir arís agus mé sa Blue Note. Chas beirt chara orm, duine acu nár lig mé súil air ar feadh cúpla mí anuas. Thosaigh sé ag ligint air féin (bheul, tá súil agam gurb é sin a bhí á dhéanamh aige anyways) gur ormsa a bhí an locht. B'é mise nár chuir aon téacs aige. Mise a bhí ba chúis do chliseadh an chairdis. Fuck-right-off. led' thoil... Nárbh é mé féin a chuir neart téacsanna aige mar sin ná bí ag rá nach bhfuil aon locht air féin. Dá mba rud é go raibh freagairt agam uaidh, at least le haghaigh téacs amháin d'éistóinn leis.

BFF a bhí sa cháilín eile. Tá sí pléite agam cheana féin ach thug mé faoi deara an difríocht atá taghta ar ár gcairdeas. Níl aon 'rud' sin eadrainn a thuilleadh. Is dóigh go bhfuil cuid mhaith den locht orm. Chuinnigh mé féin busy le hobair agus le haon rud eile ar bhain leis an gcoláiste. Agus bhí rudaí ag tarlú sa mbaile chomh maith. Ní raibh sí ann mar tá a tuistí ag fáil colscarradh faoí láthair so bhí sé busy lena saol féin... Ach d'fhág sí a lámh ar ghéag an leaid eile. Is dóigh gur thóg an leaid seo m'áitse féin.

Tá cairde eile anois agam. Tá baint eadrainn atá aisteach. Cuireann sé cairdeas eile a bhíodh agam le cailín i gcuimhne dom, an baint seo. D'fhéadfaimis gach lá den tseachtain a chaitheamh le chéile agus ní bheadh an teannas aisteach sin eadrainn. Is fuath liom nuait a bhíonn cúinís eadraim agus duine éigin eile. Is breá liom a bheith ag labhairt faoi rud ar bith agus labhraímid faoi. Agus nuair nach labhraím, táimid ag caoineadh ar abháir spéise éile inár féidir linn comhrá. Ní raibh sé seo 'eadrainn', ní raibh sé chomh láidir agus a bhí sé anyways.

D'athraigh an baint nuair a scaip sí raflaí gan bun nó barr faoi chailín eile. D'iompaigh an 'grúpa' ina coinne agus bhí mé fagtha leí. I m'aonar ag eisteach leí, lena scealtaí grinn, lena raflaí agus lena ráiteisí gortacha faoi dhaoine eile. Uaireanta, chuifinn lena cuid cainte agus amantaí eile mhothaigh as though nach raibh sé ceart. I'm not a saint ach tuigim an líne sin.

Sin an fáth nár chuir mé a aithne ar mo chairde eile go háirithe nuair a bhí an dinnéar sin agam léi. Cuimhin go nuair a dúirt sí rud uafásach faoi chailín a báadh cúpla mí ó shín. Bhí sí uafasach fuithi. Thuig mé nach raibh maitheas le fáil inti uairteanta.

So, nuair a bhí sí féin agus an leaid eile ag rá 'Great to see you' agus 'Oh, where are your other friends. Surprised to see that you're not with them!'

None moreso than me, dear.

No comments: