Dé Luain 4 Lúnasa 2008

I mo bhrionglóid...

Ag damhsa le tuin, ag ól séard nár cheannaigh, ag rá séard ná ba cheart. Ag ithe úill a tugadh dom. Ansin, ag luí agus mé i mo bhrionglóid. Tugadh deis dom agus ghlac mé leis le haoibh. Isteach i siopa bróga, mo dreifiúr agus bhí bróga scaipithe ar fud an tsiopa. Dubh a bhí siad. Bhí leaid eile i gculaith dubh chomh maith ag spíadóireacht orm. Thosaigh sí ag ceannacht ach d'iompaigh an seit gan fhios dom. Bhí mé in áit eile agus bhí ceannasaíocht agam uirthi. Ag dul níos airde go gairid is dóigh, a dúirt an duine eile a bhí ar an forklift liom. Bhí ceamara ós mo chomhair. Súmáil mé isteach ar dhaoine a bhí gléasta suas mar dhuine ó scannán a bhí suite 17 aois measaim. Ar nós The Tudors a bhí sé. Bhí chuile duine acu i línte, ag damhsa, spinning around. Tharraing mé mo cheamara amach píosa ionas gur féidir le gach duine eile a bí hag breathnú ar na screens beaga sin taobh thiar dom níos mó den damhsaíocht a fhéicáil. Bhí mé chomh ard sin go raibh mé gar go barr an tseomra. Phasáil muid é agus bhí léibhéal eile ós mo chomhair, lán le daoine agus gníomhaíocht... Chaill mé an bhlac mar níor dúradh liom go mbéinn ag obair ar sheit eile ag an am céile... D'iarr mé ar thiomaní an forklift mé a ligint síos. Phreab an leaid eile as agus é sabháilte ar léibhéal a dó... Tarrangíodh síos chomh scioptha sin mé gur fhan mo chosa in áit mo cheann agus vice versa... Bhí mo láimhe greammaithe leis an ráille... Gach duine in ann mé a fhéiceáil... Dá bhféadfainn...

Ansin, dhuisigh mé le caitheamh suas. Fuckin alcohol.

No comments: