Tá dlúthchara liom, Meiricánach, ag pósadh boc aláinn dathúil, Sasanach, an bhliain seo chugainn. Ag dul amach lena chéile le dhá bhliain anuas, tá sé beartaithe acu go mbeidh an ócáid ag dul ar aghaidh an bhliain seo chugainn. Chuir siad óstan den scóth in áireamh sna Rocky Mountains (Na Sléibhte Creagacha) i Denver, Colorado. Ní féidir liom a shamhlú cén sórt bainis a bheas againn thall ach táimid go léir, idir chairde agus ghaolta, ag súil go mór lena chéilirúadh.
Bhí na cuirí seolta amach ar Faceobook aici le fada anuas a chuir fáilte roimh chairde teacht le chéile ina n-árasán deas chun beoir na Beilge a shlíogadh siar agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa chluiche mó siúd ar a dtugtar beer pong.
Chuala mé trácht ar a leithéid de chluichí a chuireann luas leis an méid beora a óltar. Is mó an spéis a léiríodh sa chluice roimh ré ach, ar chúis éigin nach féidir liom a thuiscint, ba failure amach is amach é.
Faoin am agus a míníodh na rialacha, na féidireachtaí, na nodanna, na jenesaisquoi eile, chaill an lucht féachana idir misneach agus dóchas sa chluiche.
Ní hamháin sin ach bhí Sasanach eile ann nár stop ag múcadh na soilse. Chuireadh a leithéid de "shiamsaíocht" isteach orm de ghnáth ach ba leaid dáthuil é.
Bhí an bua aige an uair seo.
Bhuaigh mo chairde babhtha nó dhó den chluice agus thacaigh mé iad go dtí an deireadh.
Is amhlaidh nach n-ólann an lucht féachana le dóibh siúd a ghlac páirt sa chluiche. B'aisteach sin ní riabh ann ach scór duine ag breathnú ar bhord ar a raibh triantáin de chupanna dearga (ar nós na scannán).
Sin ráite, chuidigh na shots a bhí agam mo shuim sa chluiche a choimeád! An amhlaidh gur imir mé é? Ní hamhlaidh agus glacfainn páirt i gcluiche go cinnte.
Tabharfaidh na States deis eile dom, tá súil agam!
No comments:
Post a Comment